Skip to content

Déanaimis códú

Naisc thapa

Microsoft MakeCode

Is bealach iontach é eagarthóir MakeCode Microsoft chun tosú ar ríomhchlárú agus tosú ag cruthú le micro:bit BBC. Tá na bloic dathchódaithe eolach ar aon duine a d’úsáid Scratch roimhe seo, agus fós cumhachtach go leor chun rochtain a fháil ar na gnéithe ar fad den ríomhaire beag bídeach seo. Is féidir leat athrú go JavaScript freisin chun an cód téacsbhunaithe taobh thiar de na blocanna a fheiceáil.

Treoireoidh ár leathanaigh tosaithe tú trí do chéad chéimeanna.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na riachtanais chun an t-eagarthóir MakeCode a úsáid sa seomra ranga sa MakeCode CC.

daltaí ag úsáid eagarthóir MakeCode Microsoft le micro:bit